25
Feabhra
2007

Priontáil an Post/LeathanachÓ Ró Mo Bháidín

Crochfaidh mé seolta is gabhfaidh mé siar,
Óró mo churaichín ó,
'S go hOíche Fhéil Eoin ní thiocfaidh mé 'niar,
Óró mo bháidín.

Óró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín,
Ó-ó ró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín.

'S nach breá í mo bháidín ar snámh ar an gcuan,
Óró mo churaichín ó,
'S na céaslaí á dtarraingt go láidir 's go ciúin,
Óró mo bháidín.

Óró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín,
Ó-ó ró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín.

Tá na nótaí tráchta dúnta.