8
Meitheamh
2009

Ó Ros Comáin go hAnzio

Seo scannán a rinne rang 3 i gcuimhne Sáirsint Bill Donnelly, An Leacain, Ros Comáin, a throid i gCogadh Domhanda II.

 

3
Meitheamh
2009

Lá na Seanthuistí 2009

Luke, Mark agus a Seanthuistí ag obair le chéile le cré!Bean uí Chuinn i seomra a gharmhic! 

Cupán tae!Cuireann Múinteoir Laoise Fáilte roimh na Seanthuistí!

   Rang 4 ag breathnú agus ag éisteacht! rang 1 !

Nessa agus a Mhamó ag obair le chéile!  Seán agus a Mhamó! 

 Lúc, Nathan agus John Woods ar Lá na Seanthuistí 2009 Katherine Ryan agus Kayleigh R.4.

Bhaineamar an taitneamh as an Lá. Bhí Tara, Kraft 4 Kids, Strokestown, ag obair le chéile le na Naíonáin agus na seanthuistí sa seomra na naíonáin mhóra.

Sna seomraí eile bhí na seanthuistí ag miniú cluichí agus ag insint scéalta do na páistí. Mhúin na páistí píosa Gaeilge dóibh freisin!

Tháinig breis is 50 seanthuistí go dtí an scoil agus bhí cóisir againn go léir sa seomra foirne ag am lóin.

Feicimid sibh an bhliain seo chugainn arís!Slán

 

29
Aibreán
2009

Uisce - áis luachmhar

Tá Gaelscoil de hÍde pairteach sa chlár Scoileanna Glasa eagraithe ag An Taisce. Tá an tríú brat glas 'UISCE' bainte amach againn.  Rinneamar a lán oibre le haghaidh seo agus táimid ana-bhródúil as na torthaí.

Uisce - áis luachmhar

 

29
Aibreán
2009

Mórshiúil na Cásca

Seo pictiúir de Mhórshiúil na Cásca eagraithe ag Coiste na dTuistí.  Tá na páistí gléasta go hálainn agus is léir gur rinneadh go leor oibre ag na tuistí.

Cúchulainn agus a chairde!  Ag feitheamh go foighneach ag an bhflóta.

20
Eanáir
2009

Ceolchoirm na Nollag ‘08

Rang 5/6   Grúpa Ceoil   Cuid de na ceoltóirí

Naíonáin Bheaga   Naíonáin Mhóra

3
Aibreán
2007

Clós na Scoile0

Bíonn na páistí ag súgradh sa chlós ag lón beag agus lón mór.  Tá an t-ádh orainn go bhfuil áit bhreá fhairsing chun súgradh faoi stiúir.

 

 

19
Márta
2007

Spórt sa Scoil0

Is breá linn spórt sa scoil.  Bímid ag imirt iománaíochta, peile, tag rubaí, agus cluichí clóis.

 

4
Márta
2007

Gaeilge, Béarla, Fraincis0

Táimid go maith ag caint i nGaelscoil de hÍde.  Éist linn sa ghearrthóg físe seo.

 

1
Márta
2007

Ballydesmond Polka0

Is maith linn bheith ag seinm ceoil.  Tagann múinteoir Bernard go dtí an scoil gach Aoine.  Éist linn ag seinm an Ballydesmond Polka.

 

25
Feabhra
2007

Ó Ró Mo Bháidín0

Crochfaidh mé seolta is gabhfaidh mé siar,
Óró mo churaichín ó,
'S go hOíche Fhéil Eoin ní thiocfaidh mé 'niar,
Óró mo bháidín.

Óró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín,
Ó-ó ró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín.

'S nach breá í mo bháidín ar snámh ar an gcuan,
Óró mo churaichín ó,
'S na céaslaí á dtarraingt go láidir 's go ciúin,
Óró mo bháidín.

Óró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín,
Ó-ó ró mo churaichín ó,
Óró mo bháidín.