Meitheamh
2010
Scéal. Scríofa ag Niamh Ní C
Scamall Draíochta
La amháin bhí mé ag súgradh sa ghairdín. Chonaic mé scamall ag teacht níos giorra go dti an talamh. Nuair a bhí sé síos in aice liom, shuigh mé ar. Chuaigh sé suas arís. Bhí eagla orm. Nuair a d’imigh sé thuas san aer, bhí talamh ansin agus ar an dtalamh sin bhí seaclaid, uachtair reoite, úll milis agus a lán rudai eile. Bhí an talamh déanta as seacláid, na soilse tráchta déanta as marshmallow. Bhí gach rud déanta as milsean. Bhí daoine déanta as milseán. Bhí pixies agus fairies ann freisin. Chonaic mé pixie, “Dia duit Niamh. Conas atá tú?”agus ansin d’imigh sé. Chuaigh mé go dti an siopa milseán. Bhí criospaí, brioscaí, gobstoppers le bubblegum, seacláid agus pops. Bhí duine ag an gcúntar. “Cad ba mhaith leat?” a chur sé ceist orm. “Níl aon airgead agam” a d’fhreagair mé . “Airgead ha ha ha. Tá gach rud saor anseo”, a dúirt sé. “Ó” a dúirt mé. Fuair mé bubble gum agus d’fhág mé an siopa. Chuaigh me chun foinse uisce a fheiceáil. Bhi 7suas ag teacht amach as. Bhí rímead orm. Bhí an áit seo go hiontach. Tháinig an scamall draíochta ar ais ansin chun mé a bhailiú. Chuaigh mé abhaile. Aon uair atá fonn orm dul ar ais suas go dtí Talamh na Milseáin, níl orm ach feadaíl.

