Stair na Scoile

lógó den scoilTháinig grúpa de thuistí le chéile i mhí na Samhna, 1999 agus é mar aidhm acu Gaelscoil a bhunú i gCo. Roscomáin. Chonaic siad go raibh suim sa cheantar do Ghaelscoil. Bhunaigh siad Coiste Bunaithe agus bhí Caoilfhionn Ní Chuinn Uí Chumhaill mar chathaoirleach ar an gcoiste seo. D'oibrigh siad go dian dícheallach agus d’éirigh leo suíomh sealadach a fháil i bPáirc an Mhóta, Roscomáin. D'éirigh leo freisin an méid ceart páistí a fháil agus fuair an scoil aitheantas sealadach ón Roinn.

D’oscail Gaelscoil de hÍde, Roscomáin ar an 1/9/’00 le príomhoide, Orla Ní Chuinneagáin agus 17 páistí.  Bhí an scoil faoi phátrúntacht Fóras Phátrúntachta na Scoileanna Lán Ghaeilge agus ethos Chaitliceach aige. Bhí páistí sa scoil i ranganna naíonáin bheaga, naíonáin mhóra agus rang a haon ag an am sin. 

D’oscail Micheál Ó Muireartaigh an scoil go hoifigiúil i mhí Feabhra 2001.  I mhí Iúil 2004 thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta aitheantas buan don scoil.

Ar an 13ú lá de mhí Bealtaine 2005 d’fhágamar an teach i bPáirc an Mhóta agus bhogamar go scoil nua i gCnoc na Crúibe, Bóthar na Gaillimhe, Roscomáin. Osclaíodh an foirgneamh seo go hoifigiúil i mí na Samhna 2005 le Marion Harkin, T.D., M.E.P. i mbun é seo.

Tá an foirgneamh seo ar cíos againn anois agus tá suíomh á lorg le haghaidh scoile nua a thógail do Ghaelscoil de hÍde.

A group of parents came together in November, 1999 with the aim of founding a Gaelscoil in Co. Roscommon.  They succeeded in finding a temporary site in Mote Park, Roscommon. 

Gaelscoil de hÍde , Roscommon opened for the first time on the 1st of September, 2000 with Orla Ní Chuinneagain as principal and 17 pupils.  Children were enrolled in the school in Junior infants, senior infants and first classes.  Micheal Ó Muireartaigh opened the school officially on the Ist February 2001. In July 2004 the Department of Education and Science gave permanent recognition to the school.

On the 13th of May 2005 Gaelscoil de hÍde left our temporary accommodation in Mote Park and we moved to a new school in Cruby Hill, Galway Road, Roscommon.  Our new building was officially opened in November 2005 by Marion Harkin T.D. , M.E.P. Our pupil enrolments are increasing every year.